Scroll down for English version
Bealtaine 2009
D’fhógair Coláiste Hibernia inniu an seoladh den dara suíomh Gaeltachta dá chuid i nGaeltacht Uíbh Ráthach in Iardheisceart Chiarraí . Beidh an Coláiste ag cur 350 mac léinn múinteoireachta go Gaeltacht Chiarraí an samhradh seo mar chuid den Ard Dioplóma sna hEalaíona in Oideachas Bunscoile. Téann mic léinn ón gColáiste ar chúrsa staidéir Gaeltachta go Gaeltacht Chorr na Mona gach samhradh ach de bharr leathnú an chláir bhí an dara suíomh Gaeltachta riachtanach.
Táthar ag súil go dtabharfaidh na céadta mac léinn ón gColáiste cuairt ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh gach bliain ar bhonn leanúnach. Caithfidh na mic léinn trí seachtaine ag freastal ar ranganna agus á dtumadh féin ins an teanga Ghaeilge agus i gcultúr an phobail áitiúil.
Roghnaigh Coláiste Hibernia Gaeltacht Uíbh Ráthach mar gheall ar an gcaighdeán ard áiseanna agus acmhainní atá ar láimh ann agus an fonn a bhí ar an bpobal áitiúil fáilte a chur roimh na mic léinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh, agus beidh a gclanna i dteannta cuid mhór díobh. Cuirfidh an 350 mac léinn go mór le heacnamaíocht an cheantair agus meastar gur fiú €400,000 an caiteachas airgid dá bharr.
Tá deich mbliana taithí ag Comhchoiste Ghaeltacht Uibh Ráthaigh, an coiste pobail áitiúil, in oideachas do dhaoine fásta agus aitheanta mar ionad den scoth sa cheantar ag soláthar cúrsaí teangacha do dhaoine fásta. B’iad ba chúis gur roghnaigh Coláiste Hibernia teacht go hUíbh Ráthach. Mar sin féin, seo é an chéad uair don ghrúpa a bheith páirteach in oideachas tríú leibhéal cé gur fhreastail go leor daoine áitiúla ar Choláiste Hibernia mar mhic léinn.
Dúirt Cathaoirleach Chomhchoiste Ghaeltacht Uibh Ráthaigh, Eilín Uí Churráin: “Is mór é an buntáiste teacht na mac léinn agus a gclann ó thaobh eacnamaíocht agus stádas an cheantair. Tá muid thar a bheith tógtha freisin go mbeidh muid gníomhach in oideachas glún nua múinteoirí agus is le dáiríreacht agus cúram a ghlacann muid leis an dúshlán.”
Dúirt Jane Kelly, comhordaitheoir Gaeilge Choláiste Hibernia le linn seoladh speisialta: “Is cúis mhór ríméid dúinn a bheith ag obair leis an bpobal áitiúil in Uíbh Ráthach. Tá cáil Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ag dul i méid as mianach a gcúrsaí cothromaithe agus tá mé muiníneach go mbainfidh ár mic léinn leas ollmhór as a gcuid ama i gCiarraí.”
Bunaíodh Ard Dioplóma sna hEalaíona in Oideachas Bunscoile Choláiste Hibernia i 2003 agus tá sé tar éis méadú ó shin sa mhéid is go soláthraíonn sé níos mó múinteoirí bunscoile cáilithe ná aon chlár eile. Is trí chomhcheangal de léachtaí arlíne agus ranganna teagaisc agus seisiúin in ionaid áitiúla ar fud na tíre a chuirtear an cúrsa ar fáil. Chomh maith le trí seachtaine a chaitheamh sa Ghaeltacht ní mór do mhic léinn 14 seachtaine chleachtadh múinteoireachta sa seomra ranga a dhéanamh freisin.